Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 351
- XML “Scoltacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar leith ar feadh an lae acht chruinnigheadh na fir isteach chuige chuile oidhche ag foghluim. Bhíodh fir pósta ann chomh maith ag foghluim acht ní théigheadh na cailiní ná na mná ann cor ar bith.
Protastúnach a bhí ann agus chuaidh na sagairt in a aghaidh ingeall ar an gcreideamh. Badh mhaith an mhúinteóir é de réir cunntais agus mhúineadh sé Gaedhilg agus Béarla, uimhriocht, sgriobhneoireacht agus eile.
As Acaill a thainig sé go Dubh-Airc acht mar gheall ar na sagairt a bheith in a aghaidh b'éigin dó imtheacht as an áit, agus chuaidh sé go Ameiricá. Dhíol sé a gabhaltas a bhí aige nDubh-Airc agus fear darbh ainm Tomás Ó Cabhaill atá in a chomhnuidhe ar an gabhaltas sin anois.
Tugadh gach sgoláire cliabh fataí dó nó an té nach dtiubhradh na fataí dó tiubhradh sé lá oibre dó san Earrach. B'shin é an tuarastál a bhíodh sé ag fághail.An Sgoil Náisiúnta
Badh é Mártain Ó h-Ógáin as Cros-Madh-Líne an chéad mhúinnteoir naisiúnta i nGaoth Sáile. Teach cinn tuighe b'eadh an sgoil agus bhí an teach scoile greamuighthe do theach an tséiplinighe.
Sé an páigh a bhí Ó h-Ogáin ag fághail timcheall £18 sa mbliadhan ar dtús h-árduigheadh é de réir a cháilideacht go £24 sa mbliadhan agus b'fhéidir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Conmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)