Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 352
- XML “Scoltacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbéadh £50 sa mbliadhan aige taréis suim mhaith bliadhanta de reir mar b'fhiú é. Bhí gabhaltas beag talmhan ag an bhfear sin ag cros-bhóthair Gaoth-Sáile. Thug Mac Uí Ógáin suas an mhuinteóireacht timcheall 1870 agus annsin tháinig fear darbh ainm Gibbons a mhúin sa scoil timcheall dhá bhliadhain agus in a dhiaidh sin do mhúin fear darbh ainm Concubhair ar feadh dhá bhlian eile.
Badh í Máire Ni Calaoile, inghean an mhúinteora a bhí i nDubh-Thuama, a thosuigh ag múinteóireacht i sean-scoil Gaoth-Sáile nuair a d'fág Ó Conchubhair an áit. Thosuigh sise ag muineadh ann timcheall 1876. Bhí sí ag múineadh sa tsean-scoil ar feadh deich mbliadhna. Tógadh an scoil úr annsin 1886 ag an gcros-bhóthar. D'athruigh ingean Uí Cálaoile go dtí an scoil úr mar congantóir. Is í Máire (Bean) Uí Conmhachaín í. Lean sí ag muineadh (sin) sa scoil sin go dtí 1920 agus tá sí beo go fóill in aois a 81 bliadhain.
Ní múintí aon ábhar tré Ghaeilge cé is moite do Teagasc Críostaidhe cé go raibh neart Gaedhilge ar eolas acu. Thagadh tuismightéoirí na bpáistí isteach ag bagairt ar na múinteóirí gan Gaedhilg a labhairt leis na bpáistí agus a' rádh leo na páistí a bhualadh dá labhruighdís Gaedhilg. Siad na h-adhair a múintí: - uimhríocht, léigheamh, sgríobhadh, gramadach, tír eolas agus múintí iad go léir i mBéarla. Is iad peann deanta de chleiteacha a bhíodh acu. Is iomdha maidin a chaitheadh an muinteóir a am ag deanamh peann dóibh. Bhíodh slinnte chun sgríobhadh ortha acu(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Conmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)