Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 135
- XML “Na Tiarnaí Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Major Bingham a deir siad a chuir an t-athair Mánus Mac Suibhne fá ghabháil i n-Acaill. Bhí a sháighdiúirí féin leis - cuid aca as áitidh Connanáin i n-aice le Béal a' Mhuithrid. Bhí fear a b'ainm dó O Murchada as Aitidh Connáin a thug deoch in a bhróig do'n sagart
Nuair a bhí sé dul chuige leis an deoch thug fear eile as an áit ceudna cic do'n bhróig agus dhóirt sé an t-uisge acht d'éirigh leis deoch eile a thabhairt chuige. "Béidh toradh agus tairbhe ar lorg do láimhe, Saoghal fada 'gus séan agat agus na flaithis i ndiaidh do bháis" ars an t-Athair Mánus leis an bhfear a thug an deoch dó. "Ní thiubhraidh tí an chos sin chun na huaighe leat", ar sé leis an bhfear a thug an cic do'n bhróig.
Bhí O Murchadha 112 bl. nuair a fuair sé bás, bhíodh toradh iongantach aige ar shiol ar bith a chuireadh sé. Ní bhiodh toradh ar bith ar aon tsiol a chuireadh an fear eile agus is duine d'á chlainn a chuireadh a chuid síl. Lobh an chos agus gearradh de ar deireadh í. Bhí aithne ag na sean-dhaoine ar Mhac Uí Mhorchadha agus chonnaic go leor aca é.Roinnt an Talaimh
Tá cunntas tugtha agam ar roinnt an talaimh i nDubh-Thuama, i Ráith agus i gCeannramhair cheana. Sa mbliadhain 1870 roinneadh an talamh i nDuthaigh Dheirc. Bhí sé in a cholapaí roimhe sin.
Tá cunntas sgríobhtha cheana agam faoi bheathú na muc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Conamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo