Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 132
- XML “An Táilliúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cleamhnais. Seo é an rud a dubhairt an cailín leo:
A tháiliúir a' mhagaidh, ní phósfaidh mé choidhche do mhac,
Acht pósfaidh mé an talamhaidhe a dhéanfadh go daingean a theach
Dhéanfadh rud eile chraithfead sé an siol go deas
Nach suidhfeach cois dorais ag feadaighil nó ruagadh cearc
D'fhreagair an mac í;
Is minic ba ghnáthach teach maith a bheith ag táiliúir féin
le biadh agus beatha agus leapacha clumhach dá réir
Purse de'n eanruith (anairt) agus net a bheadh[?] lán de'n ór.
Agus brón ar an ainnir, sí rinne cior-thuathbhail diom.Sgéal an-chosamhail le Sgéal Mhicheáil Uí Chonamhacháin
Bhí na gárdai cósta i nDubh-Thuama i dtoiseach.
D'fágadar é agus fuadar go dtí an Mhanrach.
Tá cuimhne ag Pádhraic Mag Ghuibhir ar an am a philleadar.
Nuair a bhí siad ann a dtoiseach bhí gárr[ai?] aca an taobh ó dheas de'n bhóthar. Bhí síol curtha ag duine aca ann agus b'fada leis go raibh siad ag fás. Lá amháin chuaidh sé sios ag breathnú orra agus ní raibh siad anios. "I will make them(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conamhacháin
- Inscne
- Fireann