Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 012
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)madadh agus a claigeann i bpota.
Chim é agus ní fheicim é, chím idir tór[?] cuileann é
Shiubhlann sé an bán agus an drúcht ní bhriseann sé.
Fr. (Scáth an duine.)
Ní fuil is ní feoil is ní cnámh é. Is ó fhuil agus is ó fheoil a d'fás sé. Báin an ceann dé gléas deoch dó. Is déanfaidh sé reidhteach idir dhá námhaid.
Fr. (Cleite peann)
Dá chois ar an talamh agus trí chosa in áirde.
Fr. (Duine agus pota ar a ceann.)
Barraille ar an tráigh agus a dhá cheann dúnta.
Fr. ubh
Teachtaire beag ó thigh go tigh agus bíonn sé amuigh ar feadh na h-oidhche.
Fr. Casán.
An fear a chaith é ní dhearnaidh sé ariamh é agus an fear a rinne é níor chaith sé ariamh é.
Fr. Cónra.
Tá teach beag agam agus ní suidhfeadh luch ann agus ní chómhairfeadh an méad daoine atá sa mbaile mór an méid fuinneóg atá ann.
Fr. Méarachán.
D'éirigh mé ar maidin lá ceó, chuala mé géim is níor'bh géim coilíg é, ní géim bó, ní héan é, is ní'l sé beó.
Fr. Leac-oighre ag sgoilteadh.
Tá fear glás san garraidhe agus céad cóta air.
Fr. Cabáiste.
Caora dhubh ar bárr an tsléibhe agus bárr an duine in a bhéal aige.
Fr. Cos istigh i stoca dubh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aine Ní Cheallaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo