Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Bean an Tí Leanna”
  4. XML “Rann Beag as Co. Dhoire agus Tír Chonaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fear
    Tá na caoirigh 'g ithe 'n Fhear
    Tá na h-uain ag ól a bainne
    Tá mó bhean Fhein ar fud na Tíre
    'gus is mithid damh eirighe's dul abhaile

    CURFA
    Nil sé na lá no na lá,
    Níl sé 'na oidhche no na mhaidín.
    Níl sé 'na lá 's ní bhéidh go foill,
    'S solus árd atá ar an ghealach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Rachaidh me un aonaigh 's díolfaidh me bó
    Ar dhá scilling deag agus giní nó dó
    Bronnfaidh me an t-airgead agus ólfaidh mé an t-ór
    Is caidé sin de'n te sin nach mbaineann sin do

    AN OIGE
    Grádh mó chroidhe an oige
    'Sí is coír a bheith ann
    Is cuma dí ca rachaidh sí
    No cá dtógfaidh sí a ceann
    An te a bhionns pósta
    Bíonn a chorughadh bun os cionn
    Bíonn glug i n-a bhrógaibh
    Is cha n-ólann sé a'n leann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)