Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 343
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ma tá tú ag rádh na fírinne liom adubhairt an t-Eireannach

    Ar leanamhaint ó leathanach 49.
    Ma tá ag rádh na fírinne liom a dubhairt an t-Eireannach. Rachaidh mise leat go bfeichfidh mé é. Comh h-aosta agus go cráidte is atá tú fein ní mhait a feadaim a rádh agus a creidiúnt go bhfuil d’athair beo “Níl mé ag innse breagh ar bith a dubhairt fear na Féasoíge. Thig leat a theacht agus tcifidh tú é. Shiubhal sé le fear na Féasoíge, Thug an canna as a lámh agus diomchur e chun an toighe.
    Anois arsa fear na Feasoíge an bomhaite a cuirfeas tú do cheann isteach ar an doras iarrfas m’athair tú a mharbhadh agus cinnte béidh fáilte aige romhat act ar a bhfaca tú ariamh nuair a iarrfas sé do lámh a chrathadh na tabhair do í. Tá cnámh ceathramha bulláin cois an dorais, agus sín fídh tú chuige é. Dheánfaidh sé brusgar do do lámh tá greim comh cruaidh sin aige mar bheireann tú do í.
    Rinne an t-Eireannach mar a dubhradh leis. Go luath géar agus tháinig an t-Eireannach isteach fuair an sean fhear a bholadh agus sgairt leis a theacht an a lathair go gcráitfeadh sé lámh leis agus go mbéadh cainnt agus cómradh aca no gur bhfada an lá ó chonnaic sé Éireannach. Chuaidh an t-Eireannach i lathair an sean dhuine agus thug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)