School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 211
- XML “An Deoraí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá gleann beag ró aoibhinn in Éirinn
Agus baile beag talaimh sa ghleann
Tá garaidhe beag baoideach cois coilleadh
Agus cró beag ar fascadh faoi chrann
Ach bfhearr liomsa cumhacht na cruinne
Na bheith seoladh thar sáile anonn
Ach briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a dhul ann
II
Tá árdán in aice na coilleadh
Agus tobar beag fíor-uisce faoi
Tá sruthain beag soillesach ag síneadh
Faoi bhruacha na searcáin mil bhuidhe
Agus luighim le luthghair ag éisteacht
le binn glór na gaothan sa ghleann
Ach briseann mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a dhul ann
III
Nach truaigh mé taobh seo na mara
Mó dheoraidh gan beodhacht gan brígh
Ag smaointeadh ar aoibhneas na h-Éireann
Measc coimhthigh gan carrantas croidhe
ó Slán libh a ghleannta mo thíre
Agus slán libh mo churamh's mo crodha
Nach buaidhcartha 's nach brónach an sgéal é
Nach féidir mur bhfeiceal níos mó- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide