School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 259
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeál.
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí mac aige. Gaduidhe a bhí ann. Lá amháin ghoid sé mala óir agus fuair an tighearna amac gurb an gasúr a shoid é. Annsin chuir an tighearna teachtáire go dtí an gasúr ag iarraidh air, a theacht go raibh gnóithe aige leis. Tháinig an gasúr agus chuir an tighearna ceist air an eisean a ghoid an t-óir. Dubhairt seisean gurb e. Annsin chuir se pionus ar an ngasúr agus seo e an pionus. Dubhairt sé leis go raibh páirc mór i gcúl a theachsa agus ans an páirc seo bhí beirt fear ag treabhadh. Capall dubh agus capall bán a bhí acha agus dubhairt sé leis an ngasúr go gcaithfeadh sé an capall bán a ghoid. Dubhairt an gasúr go ndeánfadh sé sin agus dimthigh leis. Bhí teach a mháthair mhór cupla cead slat uaidh agus bhí dhá choinín aici. Chuaidh sé fa choinne an dá choinín. Fuair se iad agus tháinig aris go dtí an páirc. Bhí geafta mór ar an pháirc, leig sé amac an dá choinín agus thoisig siad ag leimnigh fríd an páirc.
    Nuair a chonnaic an beirt fear na coininí dimthigh siad go gasta agus a thiocfad leo le greim a fhághail ortha. Dimthigh siad taobh amuigh de’n gheafta agus nuair a fuair an gasúr amuigh iad, isteach leis gur ghoid se an capall bán agus as go bráthach leis ar mhuin an capaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide