School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 270
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear ann agus bhí sé ‘na chomhnuidhe i gCaisleán leis féin. Bhí a raibh de dhaoiní muinnteardha aige marbh agus ní rabh aige san t-saoghail acht é féin. Bhí poll mór ar thaobh an Chaisleán agus in áice leis an pholl seo bhí tobar fiór uisge. Bhí cailín le feicheail ag an tobar seo gach lá. Aon lá amháin dimthigh an fear amac ag seilg agus nuair a bhí sé ar shiubhal tamall maith chonnacas do gur ceart do pilleadh no nach mbéadh an oidhche abhfad ag teacht agus shíl se fosta nach rabh cuma ró máith ar an speir.
Thionntuig sé agus ní raibh sé abhfad agus a aghaidh ar an bhaile go dtáinig an báisteach anuas agus anuas go trom agus rud eile. Thoisigh an ghaoth ag seideadh. Nuair a shroich sé an baile bhí sé go tuirseach traochta sin gur fhan se tamall beag amuigh ag taobh an chaisleán agus nuair a bhí sé annsi tamall cia chonnaic sé acht an ghiorrsach. Tháinig sé anonn fhad léithe agus labhair léithe agus dubhairt “An bpósfaidh tú mé”. “Posfhaidh” arsa sise agus sealltanas a thabhairt damh. “Caidé sin” ar seisean. Tá ar sise “na laig duine ar bith eile isteach sa Chaisleán fad agus tá mise annseo. Maith go leor arsa seisean.(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide