Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear ann agus bhí sé ‘na chomhnuidhe i gCaisleán leis féin. Bhí a raibh de dhaoiní muinnteardha aige marbh agus ní rabh aige san t-saoghail acht é féin. Bhí poll mór ar thaobh an Chaisleán agus in áice leis an pholl seo bhí tobar fiór uisge. Bhí cailín le feicheail ag an tobar seo gach lá. Aon lá amháin dimthigh an fear amac ag seilg agus nuair a bhí sé ar shiubhal tamall maith chonnacas do gur ceart do pilleadh no nach mbéadh an oidhche abhfad ag teacht agus shíl se fosta nach rabh cuma ró máith ar an speir.
    Thionntuig sé agus ní raibh sé abhfad agus a aghaidh ar an bhaile go dtáinig an báisteach anuas agus anuas go trom agus rud eile. Thoisigh an ghaoth ag seideadh. Nuair a shroich sé an baile bhí sé go tuirseach traochta sin gur fhan se tamall beag amuigh ag taobh an chaisleán agus nuair a bhí sé annsi tamall cia chonnaic sé acht an ghiorrsach. Tháinig sé anonn fhad léithe agus labhair léithe agus dubhairt “An bpósfaidh tú mé”. “Posfhaidh” arsa sise agus sealltanas a thabhairt damh. “Caidé sin” ar seisean. Tá ar sise “na laig duine ar bith eile isteach sa Chaisleán fad agus tá mise annseo. Maith go leor arsa seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)