Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 235
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann aon uair amhaín agus bhí sí ag fághail triúr fear le posadh agus bhí sí i gCoirnéal agus i bponnc no ní rabh fhios aici cia’ca de’n triúr a phósad sí. Greasáidhe a bhí sa chead fhear, brothhaire no buistear a bhí sa darna fear agus feirmeoir an triomhadh duine. Ar chumha ar bith smaointigh sí ar chleas agus seo an rud a rinne sí. Ghleas sí i fein suas I sean eadaigh an chead oidhche (agus) dimthigh leithe go dti teach an ghreasaidhe agus diarr loistín ar an bhean a bhí sa teach (bean a toighe). Dubhair an bhean leíthe nac dtiocfadh leithe loistín na hoidhche a thabhairt duite, go raibh mac aici agus nach mbeád sé sásta da bhfeicfeadh sé duine ar bith ar loistín annsin. San deireadh thiar thall indiaidh mórán cainnte ghlac sí isteach í agus rinne sráideóg ar an úrlar duithe. Ní raibh sí abhfhad annsin nuair a tháinig an mac agus ní raibh ann acht gur bhuail sé a mháthair cionnus gur choinnig sí an bhean seo agus dubhairt sé nac bfuigheadh sí (an bhean bhocht) greim ar maidín, go dtiocfadh leithe a dhul amach mar a tháinig sí isteach.
Bhí an bhean bhocht ag eisteacht rith an ama agus dubairt sí in a inntinn fein go raibh reid leis a sin ar scór ar bith. An dara h-oidhche rinne sí an cleas ceudna agus dimhtigh go teach an bhuisteardha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)