Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuaidh isteach, diarr loistín na hoidhche acht fuair an freaghair ceudna agus a fuair sí an chead oidhche san teach eile. San deireadh ghlac bean a toighe truaighe dí, leig isteach í agus rinne sráideóg dithe ar an úrlar mar a rinneadh an chead oidhche. Bhuail codladh í annsin mar dhead agus dimthigh sí a luighe. Go mall san oidhche thaínig an fear a bhí i ngrád leithe isteach agus nuair a chonnaic sé mar a shaol se bean deirce istoigh ni raibh ann acht gur leag se an teach agus beighean díthe a éirighe amach as an tsraideóg agus a imtheacht leithe ina bhaile agus í ag gáiridhe leithe fein agus ag rád in a inntinn fein go raibh sí reidh go deo agus go bráthach leis an ghreásaidhe agus an buaisteár.
Cuphla lá indiaidh sin ghleas sí i fein arís agus nuair a bhi fios aici go raibh siad ag ithe a ndinneár i dtoigh na feirmeora, chuaidh sí fhad leis an doras agus diarr deirce ar an cailín aimsire. Thainic sise (an cailín aimsire) isteach agus dinnis do’n bhfeirmeor caidé mar bhí agus diarr seisean í a thabhairt isteach agus dinneár maith a thabhairt dithe. Rinneadh amhlaidh agus nuair a bhí sí ag imtheacht thug se scilling dí,
“Ta tu agam anois” arse sise leithe féin agus an oidhche sin dinnis sí a sgeal go leír do agus indiaid cúpla lá eile posadh iad agus bhí neart de gach rud acha go dtí deireadh a saoghal.- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)