Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 272
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí mac amháin aca. Nuair a thinig siadsan go h-aois leanbai rinne an mac dhá chliabhan dobhtha, cheanghail iad le cheile ans an dóigh go mbéad siad abalta iad fhein a bhogadh. Cha raibh biadh ar bith aca acht an meid a ghoidhfeadh seisean (an mac) agus chan mórán a bhí annsin no ní ghoidfeadh seisean acht go díreach an méid a dheánfadh lá amháin iad. Lá amháin bhí sé ag imteacht amach ag goid agus dimthigh sé síos (an) aith ghiorra a bhí ann. Nuair a bhí sé ag gabhail treasna ar abhainn a bhí ann damharc sé agus chonnaic sé triúir fear na suidhe ar charraic agus iad go díreach mar a chuir Dia ar an t-saoghal iad, se sin le rádh nach raibh snáithe ortha. Bhi bata ag achán fhear aca. Chuaidh an fear fhad leo agus chuir sé ceist ortha an daoiní saoghalta a bhí ionnta. Chá dtug siad freaghair ortha. Annsin chuir sé ceist orthá - an daoiní a bhí ionnta a d’fhág an t-saoghal seo agus dubhairt siad gurb e. Agus caidé a thug annseo sibh arsa seisean. Tá arsa siadsan ní raibh go leor deánta againn le dhul go h-iFrionn agus bhí rud beag de bharraidheacht deánta againn le suaimhneas a fhághail. Annsin cuireadh annseo muid go dtiocfadh blátha ar ár gcuid bataí agus béidh muid réidh fá choinne na Flaitheas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)