Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgeal
    Bhí beirt fhear ‘na gcomhnuidhe ar an Cruith Fiad ó shoin agus bhí cruit ar an bheirt acha. Oidhche Samhna amháin chuaidh Fear aca ag áirneal agus nuair a bhí sé ag teacht ‘na bhaile, bhí aige le dul thart le binn. Nuair a bhí sé ag dul thart, chualaid sé ceol istoigh sa bhinn agus d’eist sé tamall. Ní raibh sé abhfad ‘na sheasamh go dtí go dtáinig fear beag amach agus thug curadh do le dhul isteach. Chuaidh an fear isteach agus bhí annsin daoiní beaga ‘na sgaiftí ag ól agus ag gabhail a cheól agus sin an áit a raibh an [sport]? agus an ghream bhí amhrán amháin aca agus seo e - Dia Luain Dia Máirt, Dia Ceadaoine agus dubhairt siad le fear na cruite da gcuirfeadh sé ceathramhadh eile leis an t-amhran go mbainfidh an chruit do. Annsin dubhairt an fear Dia Luain, Dia Máirt, Dia Ceadaoine Diardaoin agus baineadh an cruit do, agus crochadh suas ar thaobh an bhalla e.
    Dimthigh an fear ‘na bhaile annsin agus é comh gasta le coinín agus lá thar na bharach casadh an fhear eile air araibh an chruit air bhí iongantas mór ar an fear eile nuair a chonnaic sé go raibh an cruit ar shiubhal agus chuir sé ceist air ca bhfuair sé an leigheas dinnis seisean do ó thus go deireadh mar a fuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)