Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 254
- XML “Scéaltaí Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgealtaí Greannmhara
Bhí fear ag siubhal thart la amháin agus bhí súil amháin ceart go leor aige acht súil gloinne a bhí san t-súil eile. Chuaid sé isteach i dteach leanna le piunnt a ól agus bhí cailín annsin a bhí iongantach dóigheamhail agus thoisig sé ag blanndar léithe agus ag iarraidh grádh a dheánadh. Nuair a bhí siad tamall maith ag comhrad agus chán mórán speise a bhí aici-se ann dubhairt seisean go raibh sé ag imteacht ‘na bhaile.
Nuair a bhí sé ag dul amac thionntuigh sé thart agus dubhairt “Tá súil agam go bhfeicfidh mé aris thú Ta arsa sise ag tabhairt freagair air agus tá súil eile agat nach bfeicheann bráthach me.Bhí Tighearna talamh ag dul thart ag cruinneadh cíos agus bhí buideal uisge beatha leis agus gach dune a bheirfadh an cíos do bhearfadh sé gloinne do’n biotailte do. Chuaidh sé isteach ag fear aosta, thug se seo an chíos do agus lión an tighearna gloinne agus arsa seisean ag síneadh an ghloinne do’n t-seandhuine
“Seo tairne in do chomnair”. D’ol an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)