Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 255
- XML “Scéaltaí Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-seanduine go tapaidh e, shín an gloinne arís cuig an Tighearna ag rádh “Seo dhuit a dhuine uasal agus nuair atá an casúr ‘n do lámh chuir tairne eile ‘n mo chomhnair.Bhí fear amuigh aon oidhche amháin agus bhí sé mall go maith san oidhche, agus dorcha go maith fosta. - Ar chuma ar bith bhuail eagla e agus bhí sé ag amharc ar gach aon taobh de agus in a dhiaidh fosta ar eagla go mbéirfeadh rud ar bith air. Thoisig sé ag tabhairt meisnigh do fhein ag rad - Is maith Dia, Is maith Dia, ‘s maith Dia [irl.]?
Acht nuair a bhí sé ag rád seo tamall thoisig sé ag smaoiteadh go raibh sé ag cuir no go gcuirfeadh seo fearg ar an diabhail agus labhair se mar seo. Is maith Dia, Is maith Dia acht chan olc an diabhal fein.- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)