School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 294
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Séamus Ó Domhnaill, file a bhí 'na chomhnuidhe i Rann-na-Feirsde tuaram as cead bliadhain ó shoin a chum an tuireamh nó an caoineadh seo fa a mach do báitheadh síos ag cladach Rann-na-Feirste.”
Séamus Ó Domhnaill, file a bhí 'na chomhnuidhe i Rann-na-Feirsde tuaram as cead bliadhain ó shoin a chum an tuireamh nó an caoineadh seo fa a mach do báitheadh síos ag cladach Rann-na-Feirste.
I
An chead Mhárta de Fhógmhar ba bhrónach tuirseach mó sgeál.
Lámh thapaidh bhí crodha dul romham ar leabaidh na néal
Ar Charraic na nDeor is do ‘gur chaill me mó radharc
‘S go dtéigh mé faoi fhod uí thógfad m’aigne ‘ do dhiaid
II
Tá mó mháthair is Niall faoi chian ‘gus is fada leo’n lá
‘S tá osnadh na gcliabh nach leigheas fadh doctúir na liaigh
Ar sholatháir mé ‘riamh ‘s bíodh sé uilig cruinn ‘n mó láimh
Go dtabhairfinn fhein uaimh é acht fuasgladh Paidí bheith slán.
III
Tá do dheirbhsiuracha cráidte i ngrás ag sileadh na súl
‘S níl fhios ce’n lá go bráthach a n-imtheochaidh a gcumhaidh
D’fhág tú d’aic me faoi smál, mo chrádh, mar a rinne tú an siubhal
Nuair nar agair tú Párrthas le spás beag eile thabhairt dúinn.
IV
‘S go mbeitheá faoi chian mura riarfa a dtiocfadh do dháil
Ba deis mear do chiall le ‘ch aon do d’aicme ar an tsráid
‘S ní mháirfid mé bliadain i mbuidreadh i deasbaid mar táim.(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide