School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 338
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chuaidh cearc ar gus am amháin agus chur bhean a toighe trí huibheacha deag faoin sainéid.

    Chuaidh cearc ar gur am amháin agus chur bean a toighe trí huibeacha deag faoithi sa néid. Tháinig siad uilig amach act ceann amháin. Bacac a tugadh ar an cheann seo. Ní rabh aige acht aon súl amháin, aon sgiathan amháin agus cos amháin. Bhí an bacac ann dána. Tháinig sé go dtí a mháthair lá amháin agus dubhairt leithe go rabh se ag dul go dtí an Caislean chun an Rí a fheiceail. Dhimthigh sé leis agus nuair a chuaidh sé giota maith tháinig sé go dtí teine a bhí lásta ar taoibh an bhealaigh mhóir. “A ‘bhacach a bhacach arsa an teine tabhair beart cipiní agam le do thoil agus coinig lasta me”. Chuk Chuk arsa’n bacac níl faill agam tá me ag dul go dtí an caislean leis an Rí a fheiceail.
    Dimthigh sé (ll leis annsin agus tháinic sé fhad le srúthan. Tóg amac as na duilleogaí seo me arsa an t-sruathan. Chuk Chuk arsa an bacac níl am agam tá me ag dul go dtí an Caislean leis an Rí a fheiceail. Dimthigh sé leis annsin agus tháinig sé fhad le tom agus bhí an gaot ag seideadh annsin.
    A bhacach a bhacach arsa an ghaot tog amac as an tom seo me chuk chuk arsa’n bacach níl am agam tá me ag dul go dtí an Rí. Dimthigh sé leis agus tháinig fhad leis an Chaislean. Bhí an Ríogh amuigh agus tháinig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide