School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 254
  3. XML “Scéaltaí Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgealtaí Greannmhara
    Bhí fear ag siubhal thart la amháin agus bhí súil amháin ceart go leor aige acht súil gloinne a bhí san t-súil eile. Chuaid sé isteach i dteach leanna le piunnt a ól agus bhí cailín annsin a bhí iongantach dóigheamhail agus thoisig sé ag blanndar léithe agus ag iarraidh grádh a dheánadh. Nuair a bhí siad tamall maith ag comhrad agus chán mórán speise a bhí aici-se ann dubhairt seisean go raibh sé ag imteacht ‘na bhaile.
    Nuair a bhí sé ag dul amac thionntuigh sé thart agus dubhairt “Tá súil agam go bhfeicfidh mé aris thú Ta arsa sise ag tabhairt freagair air agus tá súil eile agat nach bfeicheann bráthach me.
    Bhí Tighearna talamh ag dul thart ag cruinneadh cíos agus bhí buideal uisge beatha leis agus gach dune a bheirfadh an cíos do bhearfadh sé gloinne do’n biotailte do. Chuaidh sé isteach ag fear aosta, thug se seo an chíos do agus lión an tighearna gloinne agus arsa seisean ag síneadh an ghloinne do’n t-seandhuine
    “Seo tairne in do chomnair”. D’ol an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide