Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Amhrán Aranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Aranna

    An lá sin a d'fhág mise sráid an chlochán liath

    Abhrán Aranna
    An lá sin a d’fhag mise sráid an Chlochán Liath
    Bhí na boltaí ar mó chaol chorp agus sión ag dul i m’aghaidh
    Ar dul anonn ar bheal a droichid damh ‘fhliuch me mó bhéal
    ‘S ag teach mór Dhoire Lochain se dól me mó sháith
    II
    Ó dól mé go trom fosta in gearr do Bhaile Féidh
    Tháinic Partalon Shearlas Mhícil ‘s thug sé damh tréat
    Ar dul fríd Bhaile an Droicid dam bha bhronach mó sgeál
    ‘S gur ag priosún dub i leith-bhearr fuair mé deireadh ‘ach an sgeal
    III
    Tháinig an speir-bhean aréir chugam mar bhí me liom fein.
    Tháinig sí ath-uair agus phog sí mó bheal
    Ó sábhail thú, a Roibeirdín ar Bhothaní Bay
    Ná codlaigh ar do ghnóithe go bhfagha tú sgríbinn mar is cóir
    IV
    Siúd Searlaigh mó comráduidhe, maidin agus neóin
    Ag éirighe fá na h-ardán e fein is Mac Cumhaill
    Nuair a déirigh Domhnaill mór ‘s nuair a dinnis sé a sgeál
    Se dubhairt a’ Grand Jury gur mhionnuigh siad a bhréag.
    V
    Sgríobhaim leitir uaim go h-Arainn ‘soir Máire Dhoiminic Mhóir
    Thart go poll a mhadaidh ‘soir Niall Cotais óig
    Nach bhfuil me’n innibh dhul síos duit, ingean Dhoimnic Mhóir
    Go bhfuil me gaibhte i bpríosún fá bhuaraigh na bó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)