School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 258
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    se leis an eagla, acht dheamhan buaidhreadh a bhí air. Chuartaigh sé go bhfuair se cloigeann eile. “Sin chloigeann mo mháthar-sa, is fág annsin e” ars’an glor arís. Leig sé uaidh é, agus fuair se cloigeann eile. Sin cloigeann mo dhearbhráthar-sa ars’an glor “Go raibh an diabhal leat arsa an fear “an le do mhuinntír gach uile chloigeann’ san áit? agus caith se síos an cloigeann sin. Thog sé cloigeann eile. “Sin mó chloigeann féin” arsa an glór. “Is cuma sin arsa’ an fear béidh an ceann so agamsa”, agus bhain sé amach. Amach leis an oganach ‘na dhiaidh. Is annsin a bhí an tóir ann. Nuair a tháinig an fear isteach san tigh leanna, agus é as a anal, agus an [t-allus]? ag rith dé chait se an chloigeann ar a’ mbórd. “Sin chugáib é” a deir sé agus seo chugainn an sean-buachaill ar leis í.
    Cha raibh na focla as a bheal nuair a tháinig an t-ógánach isteach. Maise, luighe gan éirighe chugat arsa an fear an tú ata ann? agus rith se áir le na mharbhadh. Cuir na daoine eile tiobadh air agus nuair a gháir siad a sáith ar a’ mbeirt, d’íoc an tógánach an geall, is sgairt siad ar dheoch eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide