Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 258
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)se leis an eagla, acht dheamhan buaidhreadh a bhí air. Chuartaigh sé go bhfuair se cloigeann eile. “Sin chloigeann mo mháthar-sa, is fág annsin e” ars’an glor arís. Leig sé uaidh é, agus fuair se cloigeann eile. Sin cloigeann mo dhearbhráthar-sa ars’an glor “Go raibh an diabhal leat arsa an fear “an le do mhuinntír gach uile chloigeann’ san áit? agus caith se síos an cloigeann sin. Thog sé cloigeann eile. “Sin mó chloigeann féin” arsa an glór. “Is cuma sin arsa’ an fear béidh an ceann so agamsa”, agus bhain sé amach. Amach leis an oganach ‘na dhiaidh. Is annsin a bhí an tóir ann. Nuair a tháinig an fear isteach san tigh leanna, agus é as a anal, agus an [t-allus]? ag rith dé chait se an chloigeann ar a’ mbórd. “Sin chugáib é” a deir sé agus seo chugainn an sean-buachaill ar leis í.
Cha raibh na focla as a bheal nuair a tháinig an t-ógánach isteach. Maise, luighe gan éirighe chugat arsa an fear an tú ata ann? agus rith se áir le na mharbhadh. Cuir na daoine eile tiobadh air agus nuair a gháir siad a sáith ar a’ mbeirt, d’íoc an tógánach an geall, is sgairt siad ar dheoch eile.- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)