Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 301
- XML “Amhrán Aranna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Aranna
“An lá sin a d'fhág mise sráid an chlochán liath”
Abhrán Aranna
An lá sin a d’fhag mise sráid an Chlochán Liath
Bhí na boltaí ar mó chaol chorp agus sión ag dul i m’aghaidh
Ar dul anonn ar bheal a droichid damh ‘fhliuch me mó bhéal
‘S ag teach mór Dhoire Lochain se dól me mó sháith
II
Ó dól mé go trom fosta in gearr do Bhaile Féidh
Tháinic Partalon Shearlas Mhícil ‘s thug sé damh tréat
Ar dul fríd Bhaile an Droicid dam bha bhronach mó sgeál
‘S gur ag priosún dub i leith-bhearr fuair mé deireadh ‘ach an sgeal
III
Tháinig an speir-bhean aréir chugam mar bhí me liom fein.
Tháinig sí ath-uair agus phog sí mó bheal
Ó sábhail thú, a Roibeirdín ar Bhothaní Bay
Ná codlaigh ar do ghnóithe go bhfagha tú sgríbinn mar is cóir
IV
Siúd Searlaigh mó comráduidhe, maidin agus neóin
Ag éirighe fá na h-ardán e fein is Mac Cumhaill
Nuair a déirigh Domhnaill mór ‘s nuair a dinnis sé a sgeál
Se dubhairt a’ Grand Jury gur mhionnuigh siad a bhréag.
V
Sgríobhaim leitir uaim go h-Arainn ‘soir Máire Dhoiminic Mhóir
Thart go poll a mhadaidh ‘soir Niall Cotais óig
Nach bhfuil me’n innibh dhul síos duit, ingean Dhoimnic Mhóir
Go bhfuil me gaibhte i bpríosún fá bhuaraigh na bó.- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)