School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 119
  3. XML “Comhla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timpeall is a trí de mhílltibh óm thig-se tá carraigreach móra seasamhaca suidhthe fé bun cnoic na Cairte. Tá deanamh triantánach i gcarraig acu {ní h-amhlaidh so (MOS)}, agus tá dath dearg uirthe.
    Fadó bhí meitheall fhear ag bainnt fionáin thuas in aice na h-áite seo. Bhí sé deanach go maith san ló agus ní raibh aon dhinnéar ag teacht chúca. Fé dheire labhair duine acu agus dubhairt sé "A bhean úd na Cómhlan tabhair amach ár ndinnéar chughainn."
    Lena linn sin do oscail an charraig agus tháinig óg bhean uasal áluinn amach agus cailín aimsire in aonfheacht leí. D'olmhuigheadar dinnéar breágh dos na fearaibh agus chuireadar ar eadach chláir é anáirde ar chnocáinín. Do ghlaodhar an na fearaibh annsan. Thánaghadar, acht an fear do labhair agus d'itheadar a ndóthain.
    Nuair a bhíodar críochnuighthe, bhailig na mná suas a ngúirléidí go léír. D'imtigheadar suas in aice na carraige agus oscalladh é agus chuadar isteach ann. Blian díreach 'na dhiaidh sin fuair an fear nár ith, bás.
    Chuala é seo ó Mh. Ó Séaghdha, O.S., agus fuair seisean é ós na sean-daoine.
    Séamus Gogáin,
    Ceapanapáirce.
    I gCeann Sean Bhó ag bun Cnoic na Cairte thárlaig so.
    Is mó mí-fhortún lean muinntear an bhaile seo, fir óga d'fhaghail bás &c.
    Feach leathanach a 121 M. OS.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Gogáin
    Gender
    Male
    Address
    Cappanaparka East, Co. Cork
    Informant
    M. Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir