School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 118
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá fear thuas i nDoirín anois ar a dtugtar Seán Ó Súileabháin nó Johnny Bun

    Tá fear thuas i nDoirín anois ar a dtugtar Seán O Súileabháin nó 'Johny Bun' agus nuair a bhí sé tímcheall ceithre bliana bhíodh sé ag tabhairt ^do bhuaibh. Bhí sé lá i bfeidhil na mbó i bpáirc ar a dtugtar Lic an Aitinn agus bhí sé ag luighe síos do féin.
    Do fheach sé i leith cnoc an Bháin agus síos Eisc an Treighisleáin chonaic sé scata mór daoine chuige. Thánadar i leith treasna na h-abhan isteach go Doirín aghus soir suas an bóthar leó agus do imthigheadar soir díreach taobh amuich dhe ins an mbóthar i lár an lae ghil.
    Sochraid ón saoghal eile a bhí ann mar níor aithin sé aoine acu, agus soir an bóthar leó as a radharc ar fad. Do imthig sé abhaile ag innsint an sgéil ach leath mhairbh a athair é mar níor chreid sé é acht creideadh é in na dhiaidh sin mar cualathas an bhean-sidhe shoir i gCeapnapáirce an tráthnóna céadhna.
    Ó Sheán Ó Súilleabháin féin a fuaras é seo. Tá Seán níos mó ná leath chéad bliain anois.
    Muircheartach Óg Ó Seaghdha
    Ceapnapáirce.
    Nóta. Níl aon bhreag ar seo. Cailleadh bean Jamesy Murphy The Hotel, mBaile an Chaisleáin an lá san. Ó áit éigin thoir abeas í.
    Sean-chasán riamh dob eadh an áit chonaic Johny Bun í.
    (Seana) Muircheartach Ó Seaghda
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Muircheartach Óg Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Cappanaparka East, Co. Cork
    Informant
    Seán Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    Over 50