School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 120
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí banaltra ina cómhnuidhe i gCeann Seana Bhó fadó.

    Bhí banaltra (bean chabharda MOS) ina cómhnuidhe i gCeann Seana Bhó fadó. Oidhche amháin tháinig fear ag marchuigheacht ar chapall ag glaodhach uirthe. Chuaidh sí ag marguigheacht, ní tuisce bhí sí anáirde ar an gcapall ná bhí fhios aice gur fear marbh a bhí ann. D'imthig an bheirt aca go dtí go dtánadar go dtí tig. Chuaidh sí isteach agus bhí mórán ban i naice na teine. Bhí aithne aice ar chuid aca agus bhíodar marbh leis na blíadhanta.
    Nuair a bhí sí ag dul síos san t-seómra 'na raibh an bhean bhreóidte do bheir bean ar a cóta agus dubhairt sí "Ná tóg deoch ná bíadh ná airgead ó's na daoine seo" Do bhí leanbh beirthe san tig agus nuair a tháinig an banaltra suas, bhí bórd leaghta amach agus gach sórd bídh ann. Bhíodar san ag ithe agus do iarradar uirthe rud éigin do ithe. "Ní iosaim" ar san bhanaltra, "Ach tá cailín sa bhaile agam agus tá cos tinn aice agus do bheinn ana bhuidheadh díbh dá mbeadh leigheas éigin agam ar.
    Do thug bean aca an leigheas di agus dubhairt sí gan aoine aca teacht síos san chistin san oidhche gan a gcuid eadaig do chuir ortha, mar do tháinig an cailín seo síos gan a eadach ceart uirthe agus go raibh cuid aca seo ag ithe agus gur cathadar cupán léi. Thug an fear an capall amach agus thug sé í abhaile. Fuaireas é seo óm athair atá anois 51[?] de bliadhnaibh.
    [-]
    "Con Mick" a athair.
    Is é do chualaidh coisidheacht nár saogalta taobh leis ag casadh na Caillighe MOL
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ó Suileabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cappaleigh South, Co. Cork