School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Page 053
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Biod trí béilí sa ló ag na daoine fadó. Tugtaí breicfeasta, dinnear, agus suipear ortha. D'ithidis na beilí san gcistin. Ba gneithac leó obair do deanamh roimhis. I gcóir an beili d'itidis prataí rósta agus blathach measgaithe tríota i gcóir gach béile. Bhiodh ar bord i lár an tighe aca. Ni fhaca na daoine tae riamh go dti go dtainig bosca de i dtír uair amháin as luing a cailleadh. Ni raibh fhios acu cad a bhi ann agus bhiodar chun é do caitheamh amach arís. Ni biod tae acu ach go h-annamh. Uaireannta ni bhiodh pratai féan acu ach is amhlaidh a cuiridís turnaipi chun fhiucadh agus d'ithidis iad. Uaireannta bhiodh sé acu Dia Domnaig agus um Nodlaig agus timcheall na Cásga. Bhiodh arán coirce arán seagail agus arán ar a dtugtaí " stampai" acu. Bhiodh an t-arán sin ana cruaidh. Deirtear, go raibh fear ag iarraidh deirce uair amháin agus gur chuaidh sé isteach i dteach eigin. Thug bhean a' tighe piosa aráin agus im air dó. D'ith sé an t-im agus annsan dubhairt sé, " Seo chughat arís do bhord a bhean agus gura míle maith agat"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Kilkee, Co. Clare
    Informant
    Seán Ó Séaghdha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilkee, Co. Clare