Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biod trí béilí sa ló ag na daoine fadó. Tugtaí breicfeasta, dinnear, agus suipear ortha. D'ithidis na beilí san gcistin. Ba gneithac leó obair do deanamh roimhis. I gcóir an beili d'itidis prataí rósta agus blathach measgaithe tríota i gcóir gach béile. Bhiodh ar bord i lár an tighe aca. Ni fhaca na daoine tae riamh go dti go dtainig bosca de i dtír uair amháin as luing a cailleadh. Ni raibh fhios acu cad a bhi ann agus bhiodar chun é do caitheamh amach arís. Ni biod tae acu ach go h-annamh. Uaireannta ni bhiodh pratai féan acu ach is amhlaidh a cuiridís turnaipi chun fhiucadh agus d'ithidis iad. Uaireannta bhiodh sé acu Dia Domnaig agus um Nodlaig agus timcheall na Cásga. Bhiodh arán coirce arán seagail agus arán ar a dtugtaí " stampai" acu. Bhiodh an t-arán sin ana cruaidh. Deirtear, go raibh fear ag iarraidh deirce uair amháin agus gur chuaidh sé isteach i dteach eigin. Thug bhean a' tighe piosa aráin agus im air dó. D'ith sé an t-im agus annsan dubhairt sé, " Seo chughat arís do bhord a bhean agus gura míle maith agat"(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir