School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí duine do. Chuaidh sí chun faoistine an lár na barach agus chuir sí an sceul fé braghaid a' tsagairt. An oidhche sin thug an beirt acu cuaird ar an roilig agus d'fhreastal an sagart an t-Aifreann do'n sagart eile. Cúpla oidhche 'n-a dhiaidh sin theasbáin sprid an tsagairt é féin do'n chailin airís chun a bhuideachas a chur i n-úil di mar gur shaoruigh ó phurgadoireacht é.2.Fairche:-
Tá an roilig seo beagnach ceithre míle lastuaidh de Chill Chaoi: i mbaile fearainn atá sé. Cuma dronuilleogach (beagnach cearnogach) atá air. Nil crainn ná tor 'sa roilig: nil fothrach cille ann ach chomh beag. Roilig atá i n-usaid ag muinntir na paróiste seo go fóill, é seo. Tá a lán sean-thuambai i lár na roilige. Ni raibh aon chlaidhe mór timcheall air i n-allod. Cuirti leanbhai i n-aon charn i lár slighe agus deintear an chuid sin do sheachaint anois. D'reir muinntir na h-áite cuirtear leanbhaí a cailltear gan baiste, le h-ais an fhalla 'sa roilig. Tá croiseanna breaghtha cloiche ann agus a lan leant. Is i n-aice an fhalla a cuirtear na daoine. Nil aon tslighe fé leith a' dul isteach chun na roilige seo; nil fiú geata ann. Falla nua-cloiche timcheall s' ar aoirde atá mór thimcheall na roilige. Fanaidh leis an roilig ó thuaidh,(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Chonmhara
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Informant
- Séamas Mac Domhnaill
- Gender
- Male
- Informant
- Séamas Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Informant
- Tadhg Ó Cearmada
- Gender
- Male