(continued from previous page)
an chuid eile 'n-a luighe ó's cionn na h-uagha. 'Sé an dáta is sine ar lic ann ná 1875. Tá cuid de's na croiseanna
cloiche ana órnáideach. Na croiseanna adhmaid a cuireadh anáirde ó am go h-am ann táid ag lóbhadh. Níl puinn tuamba i roilig na bProtastúnach.
( Garbhléarscáil Fothrach Teampaill Fhiachraigh Naomhtha )
Fothrach Teampaill Roilig na gCatoiliceach
Fhiachroig Naomhtha
Roilig na bProtastúnach
Tá a lán scéal i mbéaloideas na ndaoine i dtaobh na roilige seo thuas na sprid a bhionn le feiscint ann ó am go h-am. Bhi cailín óg a' gábháil thar an roilig go déideannach oidhche amháin nuair a chonnaic sí sprid sagairt istigh 'sa roilig agus é a' leigeamh Aifrinn. D'iarr sé uirthe a' bhféadfadh sí freastal ar an Aifrinn ach bhi uirthe é dhiúltadh. Gheall sí dó, ámhthach, go bhfaigheadh
(continues on next page)