School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Page 019
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sa bliain 1824 bhí long ar a bealach ó Learpoll go dtí 'n Gaillimh. D'eirigh ceo. Seoladh an long isteach ar failltreacha Cill Caoidhe agus badadh í. Dein na Gárdaí Cósta a nditheal chun lucht na luinge do shabail ach níor eirigh ach le ceathrar is triocaid an talamh tirim a bhaint amach. Deirtear, annso, gur bhain muinntir na h-áite a gcuid seod ó's na stroinseire. Tamall 'n-a dhiaidh sin tháinig corp mná leanbh 'n-a baclann aice, isteach ar an dtráig. "Bad Eamuinn" a b'ainm do'n bad agus sin é an fath go dtugtar "Beann Eamuinn" ar an ait 'n-ar badadh an long. Tá an beann san ar an bpoinnte is sia amach de's na carraigeachaibh laistigh de na Duggarna.
    Badadh long 'san áit seo ar an 30ad lá de mí Eanair 1836. Ar a slighe abhaile go Nua Orleans, ó Learpoll a bhí sí. Bhí last 500 tonna uithe-cruaidh, stain, eadaighe cadais agus uirlisi iarrainn. Bhi bean amháin ar bord. D'eirigh stoirm agus seoladh an long isteach ar na failltreachaibh laistiar de Cill Chaoi. Maidin Domhnaigh a bhi ann. Fogruigheadh an sceul go mearr, agus i gceann tamaill bhig bhí na failltreacha dubh le daoine. Bhi an aimsear ana gaothmhar ar fad ach mar sin féin dein
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Treas Nic Chonmhara
    Gender
    Female
    Address
    Kilkee, Co. Clare
    Informant
    Seosamh Ó Laoisigh
    Gender
    Male
    Age
    33
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Kilkee, Co. Clare