School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- XML Page 020
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an lucht feucainte a seacht nditheall chun fuireann na luinge a shábháil. Bhi fear amháin ar an lucht feuchainte- tugtaí "Ceinneide Mor" air- agus d'aimsigh sé téad laidir. Caith sé amach chun na luinge e ach teip ortha greim do breith uithre mar beir an gaoth anairde 'san aer i gach aon turus. Bhi an fhairrge ro garbh chun bad do cur amach. Bhi an t-athair Mac An Aireinnigh i gCill Chaoi ag an am agus chomh luath is bhi an t-Aifreann raidte aige amach leis ar an bpoinnte baise. Ar shroisint na h-áite do bhí an long a' dul faoi. Sínig se amach a lamh agus dein fiogar na croise, laithreach do chiuinigh an stoirm. Bhi se ro-deideannach. D'imtigh an long as radharc. Agus an long a'dul sios chonnaic na daoine an t-ainm "Intrinsic" uitre. Tugtar an t-ainm san ar an ait riamh ó shoin "Bad Cruic Ruaidh" a b'anam do roimhe sin. Breis is míle siar o'n mbaile atá sé.
Tá a lan seanchais i mbealaibh na ndaoine 'n-a taobh siud. Deirtear gur tháinig scuaine ean isteach thar fairrge an maidin i ndhiaidh an timpise, agus gur thug ceann acu laimhin mná (a fuair sé thios fé uisce) 'n-a bheal. Cúpla la 'n-a dhiaidh san connachtas corp duine a'snamh ar an bhfairrge. D'imtigh beirt fear amach a'triall air agus badadh iad anson.
Leath slighe idir Bád Intrinsic, agus Carraigreacha Diomoint, bádadh bád pleisuirdha, breis is seasca bliain ó shoin. Uaisle Sasanach a bhi ar bord. Bhi(continues on next page)- Collector
- Treas Nic Chonmhara
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare
- Informant
- Seosamh Ó Laoisigh
- Gender
- Male
- Age
- 33
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kilkee, Co. Clare