School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Page 145
- XML “Baint an Fhéir”
- XML “Seán Ó Donncadha - Tiarna Chill Fhionáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní cuimhin liom anois cad é an baile go bfuair sé an rann, bhí sé 'gan ach do cailleas é. Concabhar Ó Muirithle táiliúir a cúala á chanadh so, deich bliadain is dachadh ó shoin agus níos mó bhí ceithre bhéarsaídhe aige.
[?] leis an buacaill bán a cúm an Cartalanach níor innis duith indé an fáth bhí leis. B'as Conndae a' Clár muinntir a "mhajor" agus bhí talamh acu cómh maith in aice na Conanaighe. Bhí gabháltas beag tailimh ag an gCathlánach uatha annsan. Gach aon bhlian thagadh muinntir a "Mhajor" agus bídis ag foghléaracht sa coill. Bhí an Cáthlánach beó boct tráth agus do cheap sé seift cun saidhbhreas a bhailiú. Do cum sé an "Buachaill Bán" ag moladh mic a mhajor agus a mhuinntir, dubhairt sé as cómhair a mhajor é , agus do sheinn sé thar n ais airís ar a' [?] annsan é, agus fuair sé talamh 's tig saor faid a mhair sé. - Bé an fear ba thréine in Éirinn sa am san é, bfhéidir go bhfuil sé ceithre céad bliadhain ó shoin ann, bhí sé na cómhnuidhe tíos i gCill Fionain. san gCúirt mar a bfuil clann De Burg anois, agus is dócha go raibh se tréan, tráth, is gur chuaidh anoinn go Sasanna, agus é ag iarraidh na coinghíll fhagháil chun dlighe(continues on next page)