School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Page 126
- XML “Marbhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nó Abhrán caionte dho ceapadh ar bheirt shagart de mhuintir Shúildhubháin dhunmharbú de dream Sasanach de mhuintir Hawkins i bparóíste Chille Míne timpal le dhá chéad bliain ó shoin. Chuireadh iad i gCill Ghairbh i naiche Clanna Caoilte.
Blian is dachad dá mhairinn 's gur ndán dam é.
'S gur bhéol dam marbhna a ceapadh no a rádh le céíll,
Ní feadfhainn mhaitheas na sagart 'sa gcáill do leigheadh.
Mo dhíth 's mo dheacair a marbh 's a mbás araon.Ó! Ó! Ó!
A mbás araon is éág sa tír go deó,
A bhfagháíl go tréíth lag tar éis na h-oídhche ar ród (?)
I n-áith gan braon 'ná deanfadh díth do biunóic.
'Só lá na pléidhe bhí baoghal 's an splinc na gcomhairÓ! Ó! Ó!
I gcomhair a marbhtha ceapadh na bréaga ar dtúis
gan chomhairle ó'n Easpogh da casadh 'na mbréithre ar gcúl (?)(continues on next page)