School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sasanna bheith in Éirinn. Do bhí cruite óir fé'n a chapall a thug sé sall leis. An chéad geata go dtánaig sé chuige. bhí arm saighdúirí ann, agus ní leigidís aoinne isteach gan fios a gnótha. D'iompuigh sé tímpcheall a chapall, do chuir sé a dhá chorr tímcheall air agus do chur an spur ann, agus thug an t-srian do, agus do dhein sé ar an ngeata agus do chuaidh sé thar an ngeata isteach. Nuair a tháinig sé go dtí an geata déanach ansan, bhí garda eile ag an ngeata roimis. Do thugadar órdú do fanúint siar, muna bhfanadh sé siar. Do lámhachaidís é, chun go mbeadh fhios acu é fios a gnótha. Dúbhairt sé leis an sairseant isteach no chuir sé scéal isteach go raibh a leithéid sin d'fhear amuigh, agus go dtánaig sé thar an chead geata ineóin, na saighdúirí. A dubhairt a "Rí" leag isteach é ó Sean O Donncadha ó Éirinn iseadh é. Ní feadfaidh aon fhear eile teact ann ach Seán Ó Donncadha ó Éirinn. Cuaidh sé isteach agus bhí fáilte an domhain ag an Rí roimis ach dubhairt a rí leis "Tá rud éigin trom uait, tráth is go dtánaís "O Tá" adubhairt Seán Ó Donncadha. Níl aoin nídh uaim ach dlíghe Sasanna beith agam in Éirinn. "Ó dubhairt a rí "geóbhar é, pé nídh atá uait ghéobhair ó "Coinnib a rí é ar fad tíi nó ceathair do laethanntaibh agus bhí an Rí ag tuiseaint gac aoinnídh tímcheall na cúirte dhó. Well, bhí iongnaidh ar a Rí gach aon uair a glanadh sé a srón, tréis é a glanadh leis an h aincisúir phóca, do caitheadh sé an h aincisúir pócha uaidh.(continues on next page)