School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 275
- XML “Scéal Óir ón mBórlín”
- XML “Tig Seáinín i gCarraig an Eidhneáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó connachtas bean ar an mbóthar i mBórlín. Bhí eagla ar na daoine go léir roimpí. Oidhche amháin tháinig fear ná raibh eagla air agus do rug sé uirthi agus do thóg sé i abhaile leis.
D'iarraidh sí air í do leogaint dul uaidh agus dubhairt sé go ndeanfadh sé an rud acht chaithfeadh sí óir d'fháil dó ar dtúis. D'imthigh sé leí agus do romhar sí an t-óir dó agus d'imthigh sí as a radharc mar a d'imthéochadh eán.- Collector
- Seán O Macháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealkill, Co. Cork
- Informant
- Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Bhí fear in a chómhnuidhe i gCarraig a Eidhneáin fadó. Tá loch san áit sin agus tá carraig ann leis. I rith na blíadhna bíonn an charraig clúdhaighthe le h-eidhneán. Sin í an charraig a thughann an t-ainm sin den loch ar a dtugtar Carraigh an Eidhneáin. Bheul bhí fear gaduidhe más maith leat in a chómhnuide ann sa tig nú cró atá le feiscint ann fós. Do dhein taidhbreadh dó go raibh crócha óir fe'n sgich gil i n-aice na lochann acht an chéad duine a chuirfeadh a lámh air go bhfuighfheadh sé bás. Bhí amadán aca agus d'imthigheadar ann agus an t-amadán leo. Fuaradar é agus do rug an t-amadán ar an mbosca. Fuair sé bás coithighis i ndiaidh san ach bhí an t-óir ag na daoine eile. Ceannuigheadar feirm mhór annsan agus tá a slíocht ann fós.
- Collector
- Seán O Macháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealkill, Co. Cork
- Informant
- Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
- Gender
- Male
- Age
- 10