Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- Raheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuireadh i bponnc riamh é. Bhí Eoghan agus an sagart ag gabháil an bhóthair lá. Bhí ceist deacair a pléidhe acu agus bhí an buadh ag Eoghan nuair a bhíodar ag argóint. Labhair an fiach dubh ar chrann agus do cheap an sagart go gcuirfeadh sé Eoghan i bponnc. “Cathain a thiocfaidh cainnt do’n bfiach ndubh a Eoghan” arsan sagart agus d’fhreagair Eoghan mar seo:-
“Nuair a thiocfaidh an míol mór ar thalamh Muing
Nuair a thiocfadh an Fhrainnc go Sliabh Mis
Nuair a caillfidh an sagart an t-sainnt
‘Seadh tiocfaidh an chainnt do’n bfiac ndubh:
Am eile bhí Eoghan ag obair ag siúnéir agus tháing an sagart chuige agus dubhairt leis :-
“Siúnéir ag obair go mall, agus buille aige thall is a bfus.”
“Seadh” arsa Eoghan “agus sagart beathuighthe reamhar
Is a bholg ag damhsa le puins.”
Sin é an file file go fonn
Nuair a thuiteann an feall ar an bhfeallaire
Eoghan laistigh de dhorus an t-séipéil
Liosta des na ndaoine nár dhíolfadh
a gcuid táillí á glaodhach aige.Ainm an duine ó’n a bhfuaireas an scéal uaidh:- Liam Ua Loinghsigh
A Sheoladh – Poll-Gorm,
Gleann Fleisge,
Cill Áirne
A Aois - 60 bl.
A ghairm-bheatha – Feirmeoireacht- Faisnéiseoir
- Liam Ua Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Glenflesk, Co. Kerry