School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 030
- XML “Slí na Naomh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Slighe na Naomh Tá tobar beannuighthe againn-ne annso i nGleannFleisge agus tobar an Naomh a tugtair air. Thuas ar thaoibh an chnuic ar an dtaobh theas d’Inse an Ghleanna atá sé.
Tá bearna trí sna sléibhte annso agus casán ag dul ó dheas trí sna cnochaibh is na gleanntaibh cruinn díreach go dtí an Guagán. Is ar an gcasán san a tugtair “Slighe na Naomh.” Seo mar atá an sgéal i dtaobh an tobair beannuighthe ag na sean daoine i nGleann Fleisge.
Fadó nuair a bhíodh na Naoimh ag imtheacht ar fuaid na h-Éireann ag craobh-scaoileadh an chreidimh dos an pághánaig tháinig Naomh Fionnbarra agus comhlucht Naomh in a theannta agus chaitheadar oidhche tuas ar Dhrom a Bhráca. Bhíodar ag teacht ó’n gCathair mar a raibh comhnuidhe ar Naomh Craobhdhearg an uair úd. Bhíodh an Naoimh go léir ag dul mór thimceall mar sin san am atá thart agus adeirtear go bhfuair Fionnbarra órdú ó Dhia mainistear a thógaint dó féin i nGúgán.
D’fágadar Drom a’ Bhráca go maidin ach go h-áirithe agus do ghluaiseadar ortha ó dheas trí sna cnochaibh – Fionnbarra ar thosach agus na Naoimh eile go léir 'na dhiaidh d’réir a gcéim.
Nuair a shrois sé an Guagán thug sé fé ndeara gur dhearmaíd sé a spéaclaí agus a leabhair ar Dhrom a’ Bhráca. Thug sé an sgeal do’n duine a bhí ar a chúl agus thug seisean(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ua Loinghsig
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry