School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráithín (C.)
  2. XML Page 031
  3. XML “Slí na Naomh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an sgéal do’n duine a bhí ar a chúl féin agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine amhail sin gur shrios sé an fear deiridh. Agus bhí an oiread san díobh ann, na raibh an fear deiridh tar-éis Tobar na Naomh d’fágaint go fóill agus do rug sé leis na leabhair agus na spéaclaí. Tá rian an leabhair agus na spéaclaí ann fós ar chloich.
    N.B.
    Adeir seanduine Fíngín Ó Donnchadha, Gort Lice nach ceart an t-ainm sin “Slighe na Naomh” in aon chor, gur airigh sé a athair a rádh gurbh é an t-ainm ceart ar an dtobar ná – “Sileadh na Naomh.” Go raibh Naomh Fionnbarra ag léigheamh Aifrinn ar Dhrom-a-Bhráca agus gur theip air uisge d’fagháil i ngar do. Níor dhein sé ach Fíoghair na Croise a dhéanamh ar an gcloich le’n a bhachall agus do phléasg fíor-uisge amach as an gcloich agus nár stat sé riamh de’n síleadh ó shoin anuas i gcómhnuidhe, agus gur tháinig sruthán eile isteach ann leis an aimsir.
    Ainm an duine a bhfuaireas an sgeal uaidh:- Domhnall Ua Loinghsig
    A Sheoladh – Cluain Caoin, Gleann Fleisge, Cill-Áirne
    A aois – 72 bl.
    Slighe-bheatha – Feirmeóireacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Loinghsig
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cloonkeen, Co. Kerry