Fuaireas an Cúntas so thíos agus a lán eile ó Bhean Uí Pháircéir - née Brighid Ní Dhúnlaing a mhaireann fós go láidir i Liostrim. Do rugadh í 1862.
TOBAR na gCEANNTá an tobar so suidhte ar thaobh an bhóthair i Liostrim ag an gcrosaire a mbuaileann bóthar Lios-a-Dabhaig agus bóthar anuas ó Screathan le chéile ag Bun Cathair Áirde. Bhí an tobar laistig de claidhe an bhóthair ach níl le feiscint ann anois ach poll nó log sa talamh mar a raibh sé i bpáirc le Eóin Páircéir. Deir Bean Uí Pháircéir liom gurbhé a sean-athair fhéin a dhún an tobar toisg go raibh sé trim an uair sin mar gur dhein Billy Denny an talamh maite (?) leis a dhreineáil agus gur thriomaig san an tobar. Deir sí liom tréis í féin do phosadh nuair a bhí a fear féin ag dul ar aonach much go luath ar maidin go bhfaca sé bheirt bhan ar a nglúnaib laistig ag an tobar agus ná feaca sé aoinne riamh ó shoin ag teacht ann. Níl ceirt ná cros ná comhórtha eile le feiscint indiu cun a theasbáint go ndeintí turas ann -ach tá siad go léir cinnte go ndeintí an turas ann in allóid. Níl ach dachad bliadhain ó shoin ann ó bfeacha Eóin Paircéir
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »