School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéalta Áiféiseacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thárla do bheirt sgasthairí bheith i gcuideachtain ag ól oidhche - san áít seo an Fhianait, Thraighlí, Co. Ciarradihe agus tosnuigheadar ag áiteamh ar a chéile cé déanfadh an sgéul b'áiféisighe don cuideachtain. B'iad an beirt ná - Cairbire Mac Aodagáin agus Seán Ó Cliomháin - beirt fhear oibre -
    Seo an sgéul a innis C. Mac Aodhagáin:

    Do thárla do long mhór gráine buidhe bualadh isteach ag Ceann Bhreánnain sa t-seana-shaoghail. Briseadh an long ar an gceann fiadhain sin agus badhadh gach aon mhac máthair a bhí innti. Tiománeadh an gráine i dtír isteac ar an gcladach agus ins an pluaiseanna a bhí go flúirseach timcheall Ceann Bhréannain.
    Bhí feirmeóír darb ainm Muimhneacháin na chomhnuighe i ngiorracht míle don gCeann, agus bhí dhá chrainín muice aige. Ní ró-mhaith a cotuigheadh sé iad ach leigint dóíbh imteacht ag soláthar dóíbh féín pé áit a gheibheidís greim bídh. Thála don dís bheith ar an gcladach an lá so tréís don gráine bhuidhe bheith tagaithe agus bhí foth-gráine ag bualadh leó fé mar bhíodar ag cuir díóbh sior an cladach ar lag-tragha. Bhíódar ag griodadh leó siar agus ag alpadh an ghráine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hAinféin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Tralee, Co. Kerry