School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 237
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- XML Page 237
- XML “Piseoga”
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Aon rud a thógaint ón gcomharsan Lá Bealtaine - B'shin creach air ar feadh na bliadhna. Is cuimhin léi féin cailín aimsire ag guid buicéad uisce nuair bhí sí féin na cailín beag maidin Lae Bealtaine agus gur thug a máthair greadadh don gcailín agus dhá maighistreás na thaobh.
2. An duine is túisge a thógfadh uisge as tobar an bhaile maidin an lae sin beadh raidshe ime agus bainne &rl aca i rith na bliadhna.
3. Ana-dhíoghbháil do b'eadh laincire bó nó árus bainne comharsan a gcuid. Deir sì liom go nguididís an laincire go mór mhór agus nuair théighdís abhaile leis go dtosnuighidís ar chosa na cathaoireach do crúdh agus an laincire air mar dheadh gur bó é agus go mbainidís bainne as an gcathaoir!
4. Bhí beirt comharsan sa pharóiste uair agus ní stadaidís ach ag pleidhe lena chéile - ní fhéadfadh aoinne aca ím a dhéanamh toisg an duine eile á ghuid.
Cad a dhein duine aca ach lámh duine mhairbh a fhághail agus é choimeád fé dhrobhallach (tubán) an uachtair i dtreó is go mbrisfeadh sí comhacht ná bpiseóg. Sé an Sagart a dhéin síothchán eatorra sa deire - (-)
- 3.
Ana-dhíoghbháil do b'eadh [?] bó nó árus bainne comharsan a ghuid. Deir sí liom go n-guididís an [?] go mór-mhór agus nuair theighidís abhaile leis go dtosnuighidís ar chosa na cathaoireach do crúdh agus an [?] air mar dheadh gur bó é agus go mbainidís bainne as an gcathaoir! 4.
Bhí beirt comharsain sa phoróiste uair agus ní stadaidís ach ag pleidhe lena chéile - ni fhéadfadh aoinne aca ím a dheanamh toisg an duine eile á ghuid.
Cad a dhein duine acu ach lámh duine mharbh a fhághail agus é choimeád fé dhrobhallach (tubán) an uachtair i dtreó is go mbrisfeadh sé comhacht ná bpiseóg. Sé an Sagart a dhein síochcháin eatorra sa deire- Collector
- Míchéal Ó hAiféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry