Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Suíomh:
Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó hAiniféin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéalta Áiféiseacha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Thárla do bheirt sgasthairí bheith i gcuideachtain ag ól oidhche - san áít seo an Fhianait, Thraighlí, Co. Ciarradihe agus tosnuigheadar ag áiteamh ar a chéile cé déanfadh an sgéul b'áiféisighe don cuideachtain. B'iad an beirt ná - Cairbire Mac Aodagáin agus Seán Ó Cliomháin - beirt fhear oibre -

Seo an sgéul a innis C. Mac Aodhagáin:

Do thárla do long mhór gráine buidhe bualadh isteach ag Ceann Bhreánnain sa t-seana-shaoghail. Briseadh an long ar an gceann fiadhain sin agus badhadh gach aon mhac máthair a bhí innti. Tiománeadh an gráine i dtír isteac ar an gcladach agus ins an pluaiseanna a bhí go flúirseach timcheall Ceann Bhréannain.
Bhí feirmeóír darb ainm Muimhneacháin na chomhnuighe i ngiorracht míle don gCeann, agus bhí dhá chrainín muice aige. Ní ró-mhaith a cotuigheadh sé iad ach leigint dóíbh imteacht ag soláthar dóíbh féín pé áit a gheibheidís greim bídh. Thála don dís bheith ar an gcladach an lá so tréís don gráine bhuidhe bheith tagaithe agus bhí foth-gráine ag bualadh leó fé mar bhíodar ag cuir díóbh sior an cladach ar lag-tragha. Bhíódar ag griodadh leó siar agus ag alpadh an ghráine

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hAinféin
Inscne
fireann
Gairm bheatha
múinteoir
Seoladh
Trá Lí, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge