Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- XML Leathanach 239
- XML “Piseoga ag Baint le Déanamh an Ime”
- XML “McCowen's Black Book”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)2) Ana-díóghbháil seadh sméaróíd teine a bhreith leat agus cuigean á deunamh sa tig.
3) D'feudfaí comhacht na piseóíge seo - an sméuróíd teine - do lot ach soc céachta nó an tlúth nó aon phíosa iarrain a ropadh isteach sa teine láíthreach nuair a raghadh an duien amach agus ní beadh aon bheonn (?) annsan agat ar phiseóga. - Leabhar é seo a bhí ag Mac Gabhann thios -Ceannaidhe mór i dTráíghlí - agus Freemason a b'eadh é. Aoinne go raibh bainne á ghoid uaidh trí phiseóa nó sin nó eile do theigheadh sé isteach dtí Mc Cowen agus do CHIDHEADH sé sa leabhar iongantach úd an té a bhí ag déunamh na díóghbhála dhó.Deirtear liom go raibh a leithéid de leabhar leis ag na Dennys, Cnoc a Teampaill agus an úsáid chéadna á bhaint as. Ní fios (?) cad é crích a tháinig ar an leabhar ó shoin.
4) Bhí duine des na comharsain agus bó aige agus gach aon mhaidin thagadh sí an bhuaile agus gan deóír bainne aici. Cuadhthas oidhche ag faire uirthi agus cad a chidhfidís ach (?) mór giorfiadh agus í a deól. Thárla go raibh fear tamall na diaidh san tráthnóna agus é ag faire ar mhada ruadh san áit céudna agus cad a cifhfadh sé chuige ach an giorrfiadh mór so. Thug sé fé - ach ní fheaca sé na dhiaidh ach puth deataig - bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Míchéal Ó hAiféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí