School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 238
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon t-seó ach a raibh de phiseóga ag baint le deanamh an ime.
1) Dá dtagadh aoinne isteach agus an cuigean á dheanamh beudh (?) ceart do nó di a lámh a chur ar an gcuigean agus casadh a bhaint as nó mar a ndéunfaí bhéidís gan ím ná bláthach.Is cuimhin léi féin sampla ar seo agus tabhrfadh sí an leabhar gur fíor é.Gaibh fear des na comharsain isteach cúcha agus an cuigean á dheanamh ón a 6 achlog ar maidin acu - ghaibh sé isteach agus beannuigh agus suas leis i dtreó na teine chun a phíp a dheargadh le sméaróid teine. Dhein, agus seo amach ar ball é agus píosa den smearóid na phíp aige. Níor thug aoinne fé ndear é go dtí amach i lár an lae ní raibh aon rian briste ar an gcuigean. Cuimhinigheadar ar an mbuachaill annsan agus bhí amhras aca go raibh an díoghbháil déanta aige. Dubhairt fear a tighe go raghadh sé á lorg chun é thabhairt thar nais agus amach leis. Timcheall a trí a chlog bhuail sé leis agus glaoidh sé isteach air agus nuair bhí an cuigean fós á deanamh aca agus állus ortha, luigh an fear do isteach agus cuir a lámh air. Ní túísge a dhein ná tháínig athrú ghlóir istig sa chuigeann agus ig ceann noimite (?) bhí sin (?) aca thuit san amach istig na tig féin mar a bhfuil sí anois.(continues on next page)- Collector
- Míchéal Ó hAiféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Pháircéir
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Address
- Listrim, Co. Kerry