School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tháinig an taoide ar theacht isteach agus siud leó isteach i bpluais agus codluigheadar ann go maidean. Ar maidin lá na bháireach thosnuigheadar ag ithe an ghráine aríst agus is iad a bhí go sona sásta doibh feín mar bhí Carnáín arbhair na dtimcheall ná h-iosfadís go deó. Thárla gan amhras go raibh banbhaí aca i gceann tréímhse istig sa pluais agus mhair gach aon ceann riamhh aca. Bhí fiche banbh an ceann (?) aca agus ní h-aon deabhadh a bhí abhaile ortha go tig Muimhneachain ná aon cuimhneamh aca air toisg an saoghal breagh a bhí aca sa bhfaill agus gan le faghail ón bhfeirmoír ach ann gan-chuid.D'fás na banbhaí suas go tapaidh agus ba gearr go rabhadar na céiseanna agus na muca breaghtha ramhara; ach san am ceádna bhí ál eile banbhí ag an dá mhathair agus ag na banbhaí féin i gceann tamaill eile. Bhíodar ag dul in iomadamhalacht in aghaidh na leath bliana i gcomhnaidhe gur dheacair d'ainne iad a coimhreamh i gceann trí bliana ón lá d'fhág an dá seana-chráin an cró sa bhaile.Thárla duine de muinntir Muimneachán bheith thiar lá ar bhruach na faille agus cuala sé an gnúsachtach go léir fé thíós agus nuair chaidh sé abhaile beartuigh sé féin agus a bheirt dritheár dul amach ar naomhóig feachaint(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó hAinféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry