School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán daoine go bhfuil an t-Súil Nimhneach so aca a deir Bean Uí Parcéir liom & ná fuil fhios aca é & dá bhrigh sin ní cionntach iad má dheineanns siad díobhbháil léi. Ach tá a lán eile go bhfuil fhios aca í bheith aca & níl aon teóra leis an gcontacht(?) ? uilc atá innte.
Má’s maith le duine aca so d’fheadfaidís feirmeóir a chreachadh leis an t-súil. Má fheuchann siad go géur ar ainmhidhe ar bith tá deire le na Ré - sínfear an t-ainmhidhe san gan ró-mhoill.
Má bhíonn daoine ag feuchaint ar chapall nó bó deirid de ghnáth “Bail ó Dhia air” ach ní deurfaidh lucht na Súl Nimhneach go bráth é - sin teist agat ar iad d’aithint.
Is cuimhin léi féin bó bhreagh bainne a bheith aca agus an lá airighthe seo buail comharsa mná leó & iad á seóladh abhaile chun a gc?dthe. Thosnuig sí ag m?uchadh na bó so & á moladh go h-árd ach ní chualathas aon “bail ó Dhia uirthi” mar ba ghnáth. Trí seachtmhaine na diaidh sin níor bhfuí trí leath-pingne an bhó céadna. Tháinig gach aon mard(?) d’á dtáinig ar bhó riamh anuas sa mhullach uirthi ach cé nár cailleadh í b’éigean dóibh í dhíol ar fhíor-bheagán.
Níor deineadh amach riamh a deirtear liom(continues on next page)- Collector
- Míchéal Ó hAinféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tralee, Co. Kerry