Tá a lán daoine go bhfuil an t-Súil Nimhneach so aca a deir Bean Uí Parcéir liom & ná fuil fhios aca é & dá bhrigh sin ní cionntach iad má dheineanns siad díobhbháil léi. Ach tá a lán eile go bhfuil fhios aca í bheith aca & níl aon teóra leis an gcontacht(?) ? uilc atá innte. Má’s maith le duine aca so d’fheadfaidís feirmeóir a chreachadh leis an t-súil. Má fheuchann siad go géur ar ainmhidhe ar bith tá deire le na Ré - sínfear an t-ainmhidhe san gan ró-mhoill. Má bhíonn daoine ag feuchaint ar chapall nó bó deirid de ghnáth “Bail ó Dhia air” ach ní deurfaidh lucht na Súl Nimhneach go bráth é - sin teist agat ar iad d’aithint. Is cuimhin léi féin bó bhreagh bainne a bheith aca agus an lá airighthe seo buail comharsa mná leó & iad á seóladh abhaile chun a gc?dthe. Thosnuig sí ag m?uchadh na bó so & á moladh go h-árd ach ní chualathas aon “bail ó Dhia uirthi” mar ba ghnáth. Trí seachtmhaine na diaidh sin níor bhfuí trí leath-pingne an bhó céadna. Tháinig gach aon mard(?) d’á dtáinig ar bhó riamh anuas sa mhullach uirthi ach cé nár cailleadh í b’éigean dóibh í dhíol ar fhíor-bheagán. Níor deineadh amach riamh a deirtear liomSeán Ó Séaghdha