School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Page 194
  3. XML “Scoileanna Rince”
  4. XML “Crosfhocail - Le Rá go Tapaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó bean Eamuin Páircéir, Lios-trim, a fuaireas an cúnntas so ar Scoileanna Rinnce. (73 d'aois)

    Nuair a bhí sí féin na cailin óg (73 bliadhna ó shoin) 1860 - 1880, bhí a lán Scoileanna Rinnce sa Pharoíste. Cuaidh Máighistir Rinnce timcheall ag múineádh ar a phágh ó bhaile go baile. Is cuimhin léi beirt a bhí annso Michael Barton ó Baile-Rua - inaice Tráighlí - Moriarty ó Cill-Orglan.
    Thagadh gach aon buachaill agus cailín agus díoloidís an máighistir dréir a n-achfuinn. Thug cuid aca 3 sgillinge, nó Coróin, nó leath-coróin ac rinnce a mhuineadh dhóibh. D'fhann an máighistir timcheall mí san áit agus an oidhche deireannach bhí "Subscription Dance aca agus is minic a dubhairt sí liom a tógadh £25 ar an oidhche seo, mar do bailigheadh an dúthaigh go léir chun an rinnce.
    In aimsir bhreagh bhíodh Platform aige chun an rinnce a mhúineadh agus fé mar bhíodh sé ag múineadh daoine nua bhíodh an cuid eile ag cleachtadh na stepanna i sgioból nó i gcró na mbó. In aimsir fliuch cuirtí an Platform isteach i gCró Bó nó áit eile chun an rinnce a cleachtadh.
    Sé an Rinnce bhíodh aca ná:-
    County Dance - (Rinnce fada)
    Corn-phíopa
    Port, singil agus dúbalta
    Cor-ceathrar agus Cor-ochtar.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.